D’fhan sé ar an scoil go raibh sé 14 bliana d’aois agus d’imigh sé go hAlbain ag feirmeoireacht lena athair. Go Glaschú a chuaigh sé ar dtús agus ó sin go Dún Éideann. Bhí cumha iontach air i ndiaidh dul anonn. Bhí siad ag stopadh i dteach lóistín na chéad chúpla oíche agus théadh siad amach ar an bhus ag obair go luath ar maidin, ag obair le tornapaí a bhí sé. Scéalta faoin am seo
00:10:01
Na coinníollacha a bhí acu thall in Albain. Ag stopadh i mbothaí a bhí siad nuair a bhí siad ag obair. Cur síos orthu seo. An pá a fuair siad, thugtaí dona athair é. £90 a fuair sé. Na fir a bhí ag obair ar an fheirm. D’fhan siad ansin go Nollaig. Bhí sé socair ansin. Théadh siad go Dún Éideann ag an deireadh seachtaine.